Foilsithe ar 

An Tionscadal Taighde, Thar 2022 Amach: Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann, óna n-eascróidh dea-thoradh uile-oileáin agus idirnáisiúnta ar Dheich mBliana na gCuimhneachán, á sheoladh ag an Taoiseach agus ag an Aire Madigan

Tá maoiniú Rialtais ar fiú €2.5 milliún é do phríomhthionscadal taighde a bhfuil Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath i mbun na ceannródaíochta ina leith fógartha inniu ag an Taoiseach Leo Varadkar TD. Déanfar athchruthú digiteach ar thaifid a théann siar seacht gcéad bliain ó Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann, a scriosadh i dtine sna Ceithre Chúirteanna i mBaile Átha Cliath ag tús Chogadh na gCarad.

Nuair a loisceadh an foirgneamh ina mbíodh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann, sna Ceithre Chúirteanna, an 30 Meitheamh 1922, ba é buille an uafáis é maidir leis an oidhreacht chultúir.  Cé nach inchurtha ar chor ar bith é le bás dhaoine, tá sé le háireamh ar cheann de na torthaí tragóideacha ar Chogadh na gCarad. 

Tionscadal taighde uile-oileáin, faoi stiúir Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath atá in Thar 2022 Amach: Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann, a mbaineann comhar idirnáisiúnta leis.  Féachtar le hathshamhlú agus athchruthú, le réadacht fhíorúil, a dhéanamh ar an taisce náisiúnta agus ar an ábhar cartlannaíochta a cailleadh, tuairiscí seacht gcéad bliain maidir le cúrsaí staire, ginealais agus riaracháin in Éirinn. 

Is é seo an chéad uair ag príomhpháirtnéirí cartlannaíochta an tionscadail - An Chartlann Náisiúnta, The National Archives (sa Ríocht Aontaithe), Oifig Thaifid Phoiblí Thuaisceart Éireann, Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide - oibriú go foirmeálta le chéile ar thogra i gcomhar cé go bhfuil ceangal seanbhunaithe eatarthu ar fad. 

Tá cúnamh á thabhairt maidir leis an togra ag Rialtas na hÉireann le deontas caipitil €2.5 milliún ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi Thionscadal Éireann 2040. 

Is í an Chomhairle um Thaighde in Éirinn a chuir maoiniú ar fáil don chéad chéim den tionscadal taighde agus ba iad an staraí, an Dr. Peter Crooks, agus an t-eolaí ríomhaireachta, an Dr. Séamus Lawless, nach maireann, ó ADAPT, an tIonad Taighde a dhéanann Fondúireacht Eolaíochta Éireann maoiniú air a bhí i mbun na ceannródaíochta ina leith.  Aithníodh breis is 200 imleabhar tras-scríbhinne a raibh sé feiliúnach digitiú breise a dhéanamh orthu atá scaipthe anois ar chartlanna sna Stáit Aontaithe, sa Ríocht Aontaithe agus i gcartlanna ar oileán na hÉireann.  Tá breis is 25 milliún focal sna taifid lámhscríofa seo ó cháipéisí a scriosadh in 1922.

Cruthófar Maoinchiste Annála Samhalta leis an tionscnamh seo a thabharfaidh scéalta faoi shaol, faoi dhlí, faoi thalamh agus faoi chaillteanas i stair na hÉireann le chéile den chéad uair le céad bliain a bhuíochas sin don mhaoiniú iontach nua seo atá fógartha.

Is é an príomhthoradh a bheidh ar Chéim II den togra go mbeidh samhail réaltachta fíorúla 3D ar fáil d'Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann, arna athchruthú go digiteach. Déanfar sin a sheoladh i mí Meitheamh 2022 mar chomóradh ar chéad bliain ón tráth ar tharla an tine.  Beidh leas as an tsamhail sin mar uirlis idirghníomhaíochta don tuiscint agus don taighde agus cuairteoirí ábalta brabhsáil a dhéanamh ar na seilfeanna samhalta agus nasc a cheangal le taifid ionadaíochta nó taifid chaomhnaithe atá ar coimeád i gcartlanna agus i leabharlanna ar fud an domhain. 

Dúirt an Taoiseach:

Is cúis mhór áthais dom an tionscadal taighde Thar 2022 Amach:  Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann a sheoladh.  Fágfaidh an tionscnamh comharoibre uile-oileáin agus idirnáisiúnta seo toradh buan, téagartha, nuálaíochta a mhairfidh níos faide ná Deich mBliana na gCuimhneachán.  Déantar athshlánú leis ar ábhar tuairiscí a measadh a bheith imithe amú go brách trí athchruthú a dhéanamh ar sheacht gcéad bliain de thaifid staire, ginealais agus riaracháin; sa chaoi is go ndéantar athchóiriú ar lón cuimhne na dtraidisiún go léir agus go gcothaítear tuiscint in athuair ar stair uileghabhálach na hÉireann. 

Tugtar léargas cuimsitheach ar cheannródaíocht na hÉireann maidir le nuálaíocht i gcúrsaí teicneolaíochta, taighde úrnua agus cruthaitheacht chultúrtha agus deis shuntasach ag Éirinn an tagarmharc idirnáisiúnta a leagan síos maidir le mant cultúrtha a chúiteamh. 

Cothaítear comhar páirtnéireachta agus dea-thoil ar fud oileán na hÉireann agus leis an Ríocht Aontaithe ionas go n-imrítear tionchar chun sochair ar chúrsaí athmhuintearais agus ar an gcaidreamh Thuaidh-Theas agus ar an gcaidreamh Siar-Soir.  D'fhéadfadh an togra dul i gcion ar dhaoine ar fud an domhain, a bheith ina spreagadh ag daoine de Dhiaspóra na hÉireann agus cultúr agus oidhreacht na hÉireann a chur chun cinn.

Dúirt an tAire Madigan:

Tá aibíocht agus tuiscint léirithe againn ag scrúdú na staire i rith Dheich mBliana na gCuimhneachán agus cíoradh á dhéanamh ar ghnéithe casta agus ar mhiondifríochtaí le meas agus go comhthuisceanach.  Tá buntábhacht le foinsí iontaofa a bheith ar fáil ionas gur féidir toradh agus tionchar na tráchtaireachta go ginearálta agus na díospóireachta dá réir a mheas.  Is féidir le scéalta agus le dearcadh dhreamanna áitiúla agus leis an teacht ar ábhar cartlainne go háitiúil cur go mór leis an tuiscint ar thionchar agus ar thoradh leanúnach na tráchtaireachta go ginearálta. 

Is ábhar áthais dom meon an chomhair agus na páirtnéireachta mar atá léirithe ag na príomhpháirtnéirí cartlannaíochta agus ag forais eile i ndáil leis an tionscadal Thar 2022 Amach:   Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann.  In bhur gcoimeádaithe daoibh ar stair agus ar chultúr na tíre, tá ról an-tábhachtach agaibh maidir le deiseanna a chruthú do dhaoine de gach aois agus de gach traidisiún ábhar staire a scrúdú agus machnamh a dhéanamh air. 

Is díol mór suntais an t-ábhar cartlannaíochta a aimsíodh i ndáil leis an togra agus an réimse leathan a bhaineann leis an ábhar a ndéanfar digitiú air mar chuid den obair.    Beidh deiseanna ag scoláirí nua, seachas mar a bhí ag na glúnta a chuaigh rompu, tuiscint ar stair agus ar oidhreacht na tíre ar fad a mhúnlú in athuair.  Go deimhin, beidh deis ag an uile dhuine ar spéis leo an stair, ar oileán na hÉireann agus ar fud an domhain, dul i ngleic le hábhar staire ar bhealach nua ar fad atá lán de bhrí agus a oibríonn ar an leibhéal pearsanta.